Seo é scéal Maria agus scéal a muintire – Muintir Jeżewicz.

An 9 Meán Fómhair 1939, ghlac arm na Gearmáine seilbh ar Mosina; baile beag cúpla míle ó Poznań. Cuireadh tús láithreach leis an gcos ar bolg, an ghabháil, agus an sléacht. Ba í 1943 an bhliain ba mheasa. Tháinig na húdaráis forghabhála ar ghluaiseacht cheannairceachta sa bhaile. Baineadh éiric as an bpobal ina dhiaidh sin. Ina measc siúd a d’fhulaing, bhí muintir Jeżewicz.
Na céadta scéal, doiciméad, grianghraf agus físeán ó dhaoine as gach cearn den Eoraip. Seo chugaibh ‘Mo Scéal Féin’, tionscadal comhoibríoch ó Pharlaimint na hEorpa, a dtagann stair na hEorpa agus saol na saoránach le chéile ann.