x Hello!
Log in here to add your story.

Tarchur nuachta ar bhealach analógach, díreach agus pearsanta / le Rita Loibl

01.01.1970 - 12.31.1980
Original language : German
Read in:

Go dtí na 1970í, ba ghnáthnós é i mbailte beaga Burgenland san Ostair go dtabharfaí nuacht an phobail díreach chuig doras na ndaoine.

Ba é sin an tasc a bhí ag ‘drumadóirí an tsráidbhaile’, ar tugadh ‘Kloarichter’ orthu i roinnt réigiún. Bhí mo sheanathair, Andreas Kaufmann, ar dhuine acu. Sa phictiúr, tá sé gléasta sna gnáthéadaí a bhíodh air gach lá. Tá sé ag caitheamh an fürtuch (fiata) a bhí coitianta in Burgenland, naprún ar baineadh go leor úsáidí éagsúla as.

D’oibrigh sé do phobal Lockenhaus go dtí go ndeachaigh sé ar scor. Ceann de na freagrachtaí a bhí air – chomh maith le huaigheanna a bhaint sa reilig nó obair chothabhála a dhéanamh sa sráidbhaile – ná a bheith ina dhrumadóir don tsráidbhaile. Thógadh sé a rothar, théadh sé chuig láithreacha ar leith sa sráidbhaile agus bhualadh sé an druma chun go dtiocfadh daoine amach as a gcuid tithe. Ansin d’insíodh sé nuacht thábhachtach an phobail dóibh, ag tosú leis na focail ‘Fógraítear go...’.

Mar shampla, bhíodh teachtaireachtaí aige ó na hoibreacha uisce le rá go mbeadh obair chothabhála ar bun agus go mbeadh an soláthar uisce casta as nó go mbeadh sráideanna dúnta ar feadh achar ama ar leith. Bhualadh sé an druma uair amháin eile arís ag an deireadh. Bhíodh Andreas Kaufmann á dhéanamh sin go dtí deireadh na 1970í. Ag an am sin thosaigh na hoibreacha uisce nó an bhriogáid dóiteáin ag seoladh carranna a raibh callairí orthu chun an nuacht is deireanaí a chur ar fáil don phobal. Idir na míreanna nuachta, chasadh siad ceol ard chun go dtiocfadh daoine amach as a gcuid tithe le héisteacht leo.

Inniu, cuirtear daoine ar an eolas tríd an bpost nó trí na meáin shóisialta. Cailleadh an ceangal pearsanta ar an mbealach. Sa lá atá inniu ann, is féidir teachtaireachtaí a sheoladh i bhfad níos tapúla agus chuig i bhfad níos mó daoine. Mar sin féin, tá mé sásta nár chaill mé an deis cuimhne a bheith agam ó m’óige de bhuille druma mo sheanathar.

Rita Loibl / Lockenhaus, Márta 2021